Tuesday 26 March 2013

Seachtain na Gaeilge~201 ~Céilí, Seomraí 1 & 2

Fé threoir Ms. O’Loughlin bhí a lán rud ar siúl ‘san Fhaiche’ í rith Seachtain na Gaeilge. Rinne gach duine iarracht Gaeilge a labhairt i rith an lae…"Dia duit", nó "slán abhaile" nó "an bhfuil cead agam?". Bhí spórt mór againn mar bhí a lán dramaí beaga agus gníomhaíochtaí ealaíne ar siúl sna ranganna. Bhí comórtas póstaer (bunaithe ar na seanfhocail) and tráth na gceist againn freisin.

Ar an Deardaoin bhíomar ag tnúth le Céilí Mór a chuir ar siúl sa chlós. Thugamar cuireadh do na tuismitheoirí, do na sean tuismitheoirí agus dár gcairde teacht ar a haon a chlog ach loitigh an aimsir an plean sin.... mar plean B, bhí an Céilí sa Halla. Tháinig beirt ceoltóir agus shein siad ceol do na páistí. Ba í Ms. Duggan an 'MC' agus bhain gach duine sult as. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Tom and John don cheol agus leis na múinteoirí as ucht a gcabhar ar fad !


Ar an Aoine, cuireadh na drámaí do na ranganna naíonán ar siúl sa Halla agus in ainneoin an aimsir, bhaineamar go léir taitneamh as Seachtain na Gaeilge.

Seomra 1


Seomra 2